Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4143 - TEANGA, SOCHAÍ AGUS SAÍOCHT 3

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

2

Lab

0

Tutorial

2

Other

0

Private

6

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Go dtuigfeadh an mac léinn an teagmháil daingean idir na Gaeil agus an Mhór-Roinn agus Meiriceá Thuaidh agus Theas; oidhreacht Ghaelach na hEorpa agus Mheiriceá; go mbeadh cur amach leathan ag an mac léinn ar shaíocht na Gaeilge agus ar shaol na nGael ón 16ú go dtí an 18ú hAois, agus ar shaibhreas thraidisiún na n-amhrán; forbairt, leathnú, saibhriú ar ábhar teanga na modúl i mBliain 1; forbairt na téarmaíochta do théamaí sóisialta, polaitíochta agus stair na hÉireann agus na hEorpa.

Syllabus:

Ranganna teagaisc: Feabhas a chur ar an gcumas bainte amach faoi GA4142; gramadach agus comhréir na Gaeilge; grinnléitheoreacht ghramadaí ar théacsanna roghnaithe. Léachtaí: 'Na Gaeil i gcéin'; saothrú na Gaeilge agus saol na nGael ar an Mór-Roinn, go háirithe ón 17ú go dtí an 19ú hAois, i Meiriceá Thuaidh agus sa Bhreatain. Litríocht na Gaeilge sa 17ú agus san 18ú hAois, idir phrós agus fhilíocht, chomh maith le hábhair eile ilghnéitheacha; an t-amhrán sa Ghaeilge.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn: - Beidh tuiscint aige ar shaol idirnáisiúnta na Gaeilge sular tháinig an Béarla i gceannas, agus ina dhiaidh. - Beidh cur amach domhan aige ar shaíocht na teanga sa tréimhse. - Beidh bunscileanna aistriúcháin aiage agus beidh sé ábalta réimeanna teanga a aimsiú agus gníomhú dá réir.

Affective (Attitudes and Values)

Agus an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn beidh ar a chumas: - Léamh criticiúil a dhéanamh ar ábhar foilsithe i nGaeilge. - Luach na saíochta scríofa ón tréimhse a mheas i gcomhthéacs na staire sóisialta agus an lae inniu.

Psychomotor (Physical Skills)

Agus an modúl curtha i gcrích go sásúil: - Beidh forbairt leanúnach ar scileanna scríbhneoireachta, léitheoireachta, agus éisteachta na mac léinn. - Beidh siad ábalta cineálacha éagsúla foghraíochta a aithint agus a mheas.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Bíonn dhá léacht agus dhá rang teagaisc ag gach mac léinn in aghaidh na seachtaine. Bíonn obair leanúnach le déanamh ag an mac léinn idir mhionaistí, thrialacha teanga agus chur i láthair, agus faigheann sé aiseolas orthu uile. Bíonn aiste thaighde le scríobh. Bíonn scrúdú scríofa agus scrúdú cainte ag deireadh an tseimeastair. Cuirtear béim ar an teanga labharta sna ranganna agus lasmuigh díobh, idir mhic léinn agus fhoireann.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

HEUSAFF, A. (1992) Cléir agus Filí san Ochtú hAois Déag , B.Á.C.: An Clóchomhar
MAC AMHLAIDH, D. (1960) Dialann Deoraí , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó CLÉIRIGH, T. (1985) Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin , An Gúm
Ó DÚSHLÁINE, T. (1987) An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge 1600-1650 , B.Á.C. An Clóchomhar
Ó TUAMA, S. (1961) Caoineadh Airt Uí Laoghaire , B.Á.C.: Gill
Ó TUAMA, S. agus KINSELLA, T. (1981) An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed. , Dublin: Dolmen
WILLIAMS, N. (ed.). (1981) Pairlement Cloinne Tomais , B.Á.C.: D.I.A.S.

Other Relevant Texts:

HENRY, G. (1992) Irish Troops in Spanish Flanders 1586-1610. , Dublin: I.A.P.
Ó FIAICH, T. (1986) Gaelscrínte san Eoraip. , B.Á.C.: F.N.T.
STRADLING, R.A. (1994) The Spanish Monarchy and Irish Mercenaries 1618-68 , B.Á.C.: I.A.P.

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Autumn - 09/10

Module Leader:

A.NicGiollaChomhaill@ul.ie